You have completed 0% of this survey
Caution: JavaScript execution is disabled in your browser or for this website. You may not be able to answer all questions in this survey. Please, verify your browser parameters.
Scéim Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú

Fáilte go dtí an próiseas le hiarratas a dhéanamh ar Scéim Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe dícheallach i dtaobh feabhas a bhaint amach ar na limistéir thráchtála sa dúiche ó thaobh cuma agus beochta de. Faoin Scéim chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú, tugtar cúnamh airgid do ghnólachtaí cáilithe chun aghaidh a bhfoirgnimh a fheabhsú. Agus muid ag tacú leis an dearadh ar ardchaighdeán agus ag léiriú meas ar na tréithe a bhaineann go speisialta le Gaillimh, is é is aidhm dúinn áit níos tarraingtí a fhorbairt do mhuintir na háite, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí. Chun críocha na scéime seo, tá sé riachtanach go mbeidh áitreabh ag gnólachtaí incháilithe a thugann aghaidh ar an tsráid. Cuirtear urlár na talún agus aon urláir uachtaracha bhainteacha eile san áireamh i gcás aghaidh siopaí.

Má tá siad le bheith i dteideal maoiniú a fháil faoin scéim seo in 2025, ní mór d'iarratasóirí na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Níl incháilithe le hiarratas a dhéanamh ach gnólachtaí a bhfuil áitreabh acu a thugann aghaidh ar an tsráid agus atá ag obair san earnáil Miondíola nó san earnáil Fáilteachais. Ní dhéanfar iarratais ó ghnólachtaí lasmuigh de na hearnálacha seo a mheas.
  • Tá sé riachtanach go mbeidh na gnólachtaí suite laistigh de na teorainneacha a bhaineann leis na trí cinn de Limistéir Caomhantais Ailtireachta (LCA) seo a leanas, atá ainmnithe mar LCA i bPlean Forbartha na Gaillimhe, 2023 – 2029, agus mar atá leagtha amach sna léarscáileanna atá i ndeireadh cháipéis na dtreoirlínte (LCA Chroí na Cathrach, LCA Shráid Dhoiminic Íochtarach agus LCA na Faiche Móire).
  • Is riachtanach gur gnólacht, ionad fáilteachais nó soláthraí seirbhíse neamhspleách atá ann (níl siopaí sraithe ná gnólachtaí saincheadúnais san áireamh sa scéim). Is gá gurb é an t-iarratasóir úinéir nó léas-sealbhóir (agus cead scríofa ón úinéir talún leis na hoibreacha beartaithe a dhéanamh) an áitribh
  • Taifead ann de bheith ag cloí le rialacháin phleanála agus aon cheanglais chuí eile a bhaineann leis an údarás áitiúil.
  • Ní mór go mbeidh gnólachtaí suas chun dáta i gcás Rátaí Tráchtála nó plean íocaíochta socraithe acu.

Sula gcuireann tú d’iarratas isteach, iarrtar ort na Treoirlínte d’Iarratasóirí a ghabhann leis an bhfoirm seo a léamh le bheith cinnte go gcomhlíonann tú na critéir cháilitheachta don scéim.

NOTE: Please Save your application as you progress using the three dots at the top-right of the page.
[Galway City Council Privacy Policy]